Previous Projects
Tionscadail go dtí seo
Puncaí na hÉireann (the Punks of Ireland)
Puncaí na hÉireann (The Punks of Ireland)

Camera: Vincent O’Callaghan
Editor: Daithi Connaughton
Cad é a chiallaíonn sé a bheith i do phunc in Éirinn? In Éirinn go mall sna 70igí – agus go luath sna 80igí, agus an choimhlint ar shiúl i mBéal Feirste, agus an geilleagar marbhánta i gCorcaigh, sheas go leor puncaí taobh amuigh den phríomhshrutha. Bhí siad ghléasta héagsúil agus ag gníomh go héagsúil, d’amharc siad ar an tsochaí agus thug siad cúl a gcinn di. Mar dhaoine fásta agus iad ina dtuismitheoirí agus ina seantuismitheoirí, amharcann siad siar ar a n- eispéiris den luathphunc agus muidne ag tarraingt an scéal suas go dtí an lá atá inniu ann – ag inniúchadh saol beirt phuncaí nua-aimseartha, ag aimsiú a mbealaí san Éirinn seo atá ag athrach go síoraí. Ag croílár na scéalta seo tá an ceol agus an pholaitíocht a spreag iad, a thug le chéile iad, agus a leag amach cérbh iad.
Scaoileann seisear puncaí Éireannacha s’againn scéal fá neamhspleáchas agus neamhchead, ag seasamh amach as an scaifte, agus an tábhacht le do bhealach féin a aimsiú sa saol.
Léiritheoir & Stiúrthóir: Deaglán Ó Mocháin
Ceamara: Vincent O’Callaghan
Eagarthóir: Daithi Connaughton