Previous Projects
Tionscadail go dtí seo
La Vie sa Bhruiséil: The Irish language community building careers and homes in Brussels, the multilingual capital of Europe.
La Vie sa Bhruiséil: Pobal na Gaeilge atá ag déanamh gairmeacha agus saolta sa Bhruiséil, príomhchathair ilteangach na hEorpa.

From the corridors of power in the European Parliament to the busy GAA pitches in the heart of this bustling city, La Vie sa Bhruiséil follows some of the Gael building careers and homes in the multilingual capital of Europe.
While we see a little of the institutional side of the city, we also visit schools, parks, sports grounds, cafés and pubs in this most international of cities, in the company of our wonderful Irish ambassadors including Aislínn Nic Ruairí and Páidí Ó Dubháin, from Tyrone and Co. Down who are raising their two young boys in multi-lingual Brussels. In comparison, Ciarán Ó Ceallaigh and his wife Áine wanted a Gaeltacht upbringing for their four children, so Ciarán commutes between Brussels and Conamara. Micheál Ó Conchúir is one of the longer established members of the Irish language community in the city, after moving ‘from Skellig to An Bheilg in 1995.’ EU translator Seaghan Mac an tSionnaigh is very happy in his new city, after years spent studying and working abroad, and Ríoghnach Hyland has the best of both worlds – an international work environment with an NGO, alongside a very Irish experience with the GAA and Conradh na Gaeilge in the mini Gaeltacht of Brussels.
Producer and director: Deaglán Ó Mocháin
Main camera: Trevor Laffey
Editor: Sarah Kivlehan
Ó hallaí na cumhachta i bParlaimint na hEorpa go páirceanna gníomhacha CLG i gcroílár na cathrach bríomhaire seo, leanann La Vie sa Bhruiséil roinnt de na Gael atá ag tógáil saolta is slite beatha i bpríomhchathair ilteangach na hEorpa.
Cé go dtugtar blaiseadh de thaobh institiúide na cathrach, tugann muid cuairt freisin ar scoileanna, páirceanna, ionaid spóirt, caiféanna agus tithe tábhairne sa chathair idirnáisiúnta seo i gcuideachta ár n-ambasadóirí iontacha Éireannacha ina measc Aislínn Nic Ruairí agus Páidí Ó Dubháin, as Tír Eoghain agus Co. an Dúin atá ag tógáil a mbeirt bhuachaillí óga sa Bhruiséil ilteangach. I gcomparáid leis sin, tá Ciarán Ó Ceallaigh agus a bhean Áine ag iarraidh tógáil Ghaeltachta dá gceathrar clainne, mar sin caithfidh Ciarán taisteal idir an Bhruiséil agus Conamara. Tá Micheál Ó Conchúir ar dhuine de na baill is faide ó phobal na Gaeilge sa chathair, i ndiaidh dó bogadh ‘ón Sceilg go dtí an Bheilg’ i 1995. Tá an t-aistritheoir AE Seaghan Mac an tSionnaigh thar a bheith sásta ina chathair nua, i ndiaidh blianta a chaitheamh ag staidéar agus ag obair thar lear, agus tá dhá shaol difrúil ag Ríoghnach Hyland – le timpeallacht oibre idirnáisiúnta le NGO, mar aon le eispéireas an-Éireannach leis an CLG agus le Conradh na Gaeilge i mion-Ghaeltacht na Bruiséile.
Léiritheoir & stiúrthóir: Deaglán Ó Mocháin
Príomh cheamara: Trevor Laffey
Eagarthóir: Sarah Kivlehan